r/gaeilge • u/tonyod1 • 4h ago
Podchraoladh as Gaeilge
Maidin mhaith, táim ar lorg Podchraoladh as Gaeilge.
An bhfuil aon mholtaí ag duine ar bith?
r/gaeilge • u/galaxyrocker • 25d ago
Self-explanatory.
If you'd like to discuss the Irish language in English, have any
comments or want to post in English, please put your discussion here
instead of posting an English post. They will otherwise be deleted.
You're more than welcome to talk about Irish, but if you want to do
so in a separate post, it must be in Irish. Go raibh maith agaibh.
r/gaeilge • u/galaxyrocker • 25d ago
Dia dhaoibh a chairde! This post is in English for clarity and to those new to this subreddit. Fáilte - welcome!
This is an Irish language subreddit and not specifically a learning
one. Therefore, if you see a request in English elsewhere in this
subreddit, please direct people to this thread.
On this thread only we encourage you to ask questions about the Irish
language and to submit your translation queries. There is a separate
pinned thread for general comments about the Irish language.
NOTE: We have plenty of resources listed on the right-hand side of r/Gaeilge (the new version of Reddit) for you to check out to start your journey with the language.
Go raibh maith agaibh ar fad - And please do help those who do submit requests and questions if you can.
r/gaeilge • u/tonyod1 • 4h ago
Maidin mhaith, táim ar lorg Podchraoladh as Gaeilge.
An bhfuil aon mholtaí ag duine ar bith?
r/gaeilge • u/MurchadhMor • 22h ago
Bí I dteagmháil má tá suim agat. Seo do dheis foghlaim conas canadh/cur le do stór amhrán.
r/gaeilge • u/Mantequilla36 • 16h ago
Haigh, a chairde!
Is forbróir cluichí neamhspleách mé, agus rinne mé cluiche crosfhocal darb ainm Cross Europa.
🇮🇪 TÁ AN CLUICHE LE HIMIRT AS GAEILGE! 🇮🇪
Tá sé bunaithe ar shainchomharthaí na hEorpa.
Ní cainteoir dúchais Gaeilge mé, mar sin má fheiceann sibh botún nó focal a bhfuil cuma aisteach air, abraigí liom é, le bhur dtoil. Bheinn an-bhuíoch as bhur n-aiseolas.
iOS: https://apps.apple.com/ie/app/cross-europa-crossword/id6807263253
Android: https://play.google.com/store/apps/details?id=com.commonpleasures.crosseuropa
Go raibh míle maith agaibh, agus bainigí sult as!
r/gaeilge • u/AllIrelandManager • 4d ago
Haigh, tá mé ag obair ar chluiche bainistíochta peile Gaelaí le cúpla bliain anuas. Chuir mé cnaipe ann chun athrú go héasca idir Béarla agus Gaeilge, agus tá mód eile ann freisin "Cúpla Focal". Tá na habairtí i mBéarla ach tá cúpla focal as Gaeilge.
Níl Gaeilge líofa agam féin. Tá mé ag foghlaim go mall le Duolingo agus fuair mé leabhar nua Hector le déanaí.
Don chluiche, scríobh mé an téacs le cabhair ó AI ar dtús. Ansin léigh m'athair gach líne. Chuaigh sé ar scoil trí Ghaeilge. Cheartaigh sé go leor botún, ach seans go bhfuil cúpla ceann fágtha.
Is féidir é a imirt ar líne, saor in aisce: allirelandmanager.com
r/gaeilge • u/Muinteoir_Gaeilge • 6d ago
Foilsíodh an 'Plean don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla' ag deireadh 2025 agus thosaigh mé ag forbairt ardáin darbh ainm Teanga chun freastal ar scoileanna mianta an phlean seo a chur i gcríoch. Eolas anseo: www.teanga.ie
Is aistear a bhí ann ag labhairt le múinteoirí Gaeilge agus príomhoidí timpeall na tíre faoi na bealaí is fearr chun tacú le scoileanna leis an nGaeilge a bheith ina teanga bheo iontu. Leanann an t-aistear ar aghaidh agus táim ag obair le meánscoileanna faoi láthair chun tús a chur leis. Táim ar bís go mbeidh sé beo go han-luath! Beidh mé ag tabhairt deis d'aon mheanscoil meán-Bhéarla triail a bhaint as saor in aisce ó mhí Feabhra ar aghaidh. Más múinteoir Gaeilge meanscoile tú agus is mian leat é a thriail i do scoil, is féidir leat clárú anseo: https://forms.gle/N6ycRToB6E1TVEMT9
Le meas,
Adam Ó Faoláin.
r/gaeilge • u/insertcommonusername • 7d ago
r/gaeilge • u/MurchadhMor • 8d ago
Páistí ó 2.5 bliana go daoine fásta sa 4 spórt Ghaelacha!
r/gaeilge • u/vivbear • 9d ago
Tá mé ag obair i gcúrsaí ríomhaireachta.
Cad é “cloud computing” agus “cybersecurity” as Gaeilge?
An féidir liom a rá "ríomhaireacht scamail"?
Go raibh maith agat!
r/gaeilge • u/thesraid • 13d ago
Do dheineas féilire de imeachtaí as Gaelainn i gcathair Chorcaí (agus sa chontae).
https://sosloin.ie/feilire.html
Tá liosta ar fáil ar https://linktr.ee/cathairchorcai chomh maith.
Tá súil agam go mbeidh sé úsáideach d'éinne.
r/gaeilge • u/Andrewreddy • 14d ago
Táim i ndíospóireacht le mo chara. Dúirt sé "conas a deir mé" ach bhí sé ag iarraidh ceist i módh choinníollach. Dúirt mé, chaithfidh sé é a úsáid. Ba cheart dó an frása "conas a déarfá" a bheith in úsáid aige.
Dúirt sé agus cúpla chairde eile, sin mícheart ach nílim cinnte
Grma!
r/gaeilge • u/Difficult_Opening_74 • 15d ago
Chuala me 'Ná cuir glaoch' ar Raidio Failte. Ar fheabhas, tá siad cosúil le Fontaines DC ach as Gaeilge.
Imlé an t-ainm ar an grúpa, cúpla amhráin den scoth acu.
r/gaeilge • u/RefrigeratorMotor107 • 16d ago
Ta mé i mbun aistriúcháin faoi láthair. Taispeántas staire dátheangach atá i gceist (Béarla + Gaeilge).
Baineann an Béarla úsáid as an aimsir láithreach ar nós go mbeadh an léitheoir sórt 'i lár an aicsin'. Mar shampla, samhlaigh:
'1939 - The Nazis invade Poland and so the war begins,' seachas 'The Nazis invaded Poland and so the war began.'
Anois, is cinnte go bhfuil úsáid an stíl seo go coiteann sa Bhéarla, ach an cheist a bhí agam ná an bhfuil a leithéid léite nó scríofa agaibh féin i nGaeilge?
"1939 - Déanann na Naitsithe ionradh ar an Pholainn agus mar seo a thosaíonn an cogadh."
seachas
"1939 - Rinne na Naitsithe ionradh ar an Pholainn agus mar seo a thosaigh an cogadh."
Seans go bhfuil mé ag smaoineamh thar fóir ar seo agus gur ceist iomlán amaideach í. Cad é a mholfadh sibh? Arbh fhearr cloígh leis an aimsir chaite?
Míle b
r/gaeilge • u/Low_Knowledge_1363 • 18d ago
Dia daoibh, a chairde!
Táim ag foghlaim Gaeilge. Níl a lán focal Gaeilge agam.
Chuaigh mé chuig Hector Ó hEochagáin: Irish Words for Every Occasion aréir.
Bhí mé ag Ciorcal Comhrá den chéad uair.
Bhain mé an-taitneamh as!
Bhí sé go hiontach Gaeilge a chloisteáil.
Tá mé neirbhíseach ag labhairt Gaeilge, ach táim ag iarraidh
r/gaeilge • u/confkins • 20d ago
Tá an frása "Rop tú mo chathscíath" ar léine Zoro sa ealaín ag an tús an chaibidil!
r/gaeilge • u/DaithiMacG • 20d ago
An bhfuil a fhios ag éinne cá bhféadfainn cóip nó leagan de Séadna a fháilt sa litriú bunaidh, ach i gcló nú seachas sa tseanchló? An bhfuil na heagráin nú caighdeánaithe?
r/gaeilge • u/SonoftheVirgin • 21d ago
Ceartaígí mo bhotúin, le bhur dtoile.
Heileo, a chairde!
Bhí smaoineamh agam inné. Is bealach é chun cabhrú le Gaeilge ar féidir le gach duine.
Tá sé simplí, chomh maith.
Liostáilimis le content creators a dhéanann a bhfíseáin as Gaeilge, i ndáirírí cainteoirí dúchais, channels faoi na Gaeltachtaí, rudaí cultúrthaí i nGaeilge, agus rudaí cosúil le sin.
Tá a fhios agam go bhfuil go leor agaibh liostáiltí cheanna féin, dá bhrí sin, tá mé 'caint leis na foghlaimeoirí nua.
Ná mothaígí go bhfuil oibleagáid ort (Ní mise do cheannaire), ach ceapaim go bhfuil sé ina ranníocaíocht iontach, más ba mhaith leat é a dhéanamh. Ní chosnaíonn sé dada ort, agus ní gá dhuit féachaint ar a gcuid físeán, mura mian leat. Mura mian leat, is féidir leat an caineál a bhlocáil.
Mar sin ní bheidh mé i mo bhréagadóir, gheobhaidh mé caineál nua agus liostáilfidh mé leis.
Céard a cheapean sibhse go léir?
Bail ó Dia oraibh, a shiblíní i gCríost!
r/gaeilge • u/MurchadhMor • 23d ago
Comhghairdeas le Colm Seoighe a bhuaigh an comórtas amhrán nua-chumtha. Bígí linn Déardaoin ag Amhránaithe an Chlub don aoi speisialta Lisa Murray!
r/gaeilge • u/MurchadhMor • 25d ago
Beidh sé seo ar siúl anocht i mBác. Filíocht Ghaeilge bheo ⁊ físdánta liom is le daoine eile Beidh mise ann i mBÁC. Beidh físeán de dhán liom sa chomórtas in Iowa ach beidh mise i MBAILE ÁTHA CLIATH.